Tá grúpa nuabhunaithe faoi threoir oibrithe deonacha díograiseacha áitiúla tar éis teacht le chéile chun deimhniú go ndéanfar ceiliúradh ar Bhród i mbliana le féile bhríomhar ionchúiseamh thar an deireadh seachtaine saoire bainc de mhí Lúnasa.
Tá Cork Community Pride (bród an phobail i gCorcaigh), á eagrú ag grúpa paiseanta d’oibrithe deonacha ó phobail chathair Chorcaí agus ón gcontae.
Aontaithe ar son comhionannais, ar son infheictheachta agus ar son comóraidh, tá daoine ón bpobal LADTA+ agus cairde mar bhaill den ghrúpa, iad diongbháilte chun ócáid Bhróid a léiríonn éagsúlacht agus spiorad Chorcaí a thabhairt.
Cé go bhfuil an obair fós ar na maidí, tá súil ag an ngrúpa go mbeidh páirt lárnach ag mórshiúl Bróid ildaite agus ag picnic do theaghlaigh sa bhféile, beidh deis ag daoine idir óg agus aosta teacht le chéile ag ceiliúradh, i ndlúthpháirtíocht agus le tacaíocht óna chéile.
Tarraingeoidh an deireadh seachtaine seo aird ar an bpobal, ar an ionchuimsitheacht agus ar an obair leanúnach chun comhionannas a chur chun cinn, agus tabharfar deis do chách páirt a ghlacadh trí ócáidí suáilceacha sábháilte a chur ar siúl.
Is grúpa sách beag d’oibrithe deonacha úrnua é seo, agus tá níos mó daoine á lorg againn chun páirt a ghlacadh le Cork Community Pride.
Fógrófar tuilleadh eolais go luath, bealach an mhórshiúil agus sceideal na n-ócaidí san áireamh.
Le haghaidh fiosruithe ó na meáin, deiseanna comhpháirtíochta nó eolas faoi obair dheonach a dhéanamh linn, déan teagmháil le: info@corkcommunitypride.ie